CNOS Taighde Comhdháil Taighde

Comhdháil Bhliantúil Taighde CNOS 2026

Dé Céadaoin 4 Samhain 2026
#ncseconf2026

NCSE CEO John Kearney speaking at the NCSE Research Conference

Comhdháil Bhliantúil Taighde CNOS 2026

Suíomh: Cusack Suite, Páirc an Chrócaigh, Baile Átha Cliath 3, D03 P6K7
Dáta: Dé Céadaoin an 4 Samhain 2026

Téama na comhdhála: ‘An cuimsiú agus an braistint muintearais a chur chun cinn in Éirinn’

Tá lúcháir orainn téama na comhdhála agus na cainteoirí do Chomhdháil Taighde NCSE 2026 a dhearbhú. Pléifear réimsí éagsúla a bhaineann leis an gcuimsiú agus leis an mbraistint muintearais in Éirinn agus go hidirnáisiúnta i seisiúin na maidine agus an tráthnóna.

– Cloisfimid ón Ollamh Erik Carter, Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Baylor Center for Disability and Flourishing in Ollscoil Baylor, faoina dheich ngné den mhuintearas.
— Achoimre agus beathaisnéis
— Cur i láthair PowerPoint

– Roinnfidh an tOllamh Elizabeth Walton, Ollamh leis an Oideachas in Ollscoil Nottingham, cur i láthair a bhaineann lena leabhar le déanaí ar chur chuige éiceolaíoch i leith an eolais ar oideachas cuimsitheach.
— Achoimre agus beathaisnéis
— Cur i láthair PowerPoint

– Cuirfidh an Dr Caoimhe Dempsey, Léachtóir i Scoil na Síceolaíochta Feidhmí in Ollscoil Chorcaí (UCC), machnamh i láthair bunaithe ar a tuarascáil athbhreithnithe insinte le déanaí maidir le tacú le folláine daltaí i gcomhthéacsanna scoile in Éirinn.
— Achoimre agus beathaisnéis
— Cur i láthair PowerPoint

– Roinnfidh an Dr Mary Kelly, Uachtarán Hibernia Colleges Group, agus an Dr Deirdre MacIntyre, Déan Taighde agus Gnóthaí Acadúla in ICEP Europe, a gcuid torthaí ó staidéar a choimisiúnaigh an NCSE; scrúdaítear sa staidéar sin na tosca taobh thiar den mhéadú ar an éileamh ar áiteanna i scoileanna speisialta agus i ranganna speisialta in Éirinn.
— Achoimre agus beathaisnéis
— Cur i láthair PowerPoint

Beidh póstaeir ó Chlár Taighde Cleachtas-bhunaithe an CNOS ar taispeáint ón 8.30 r.n. sa limistéar tae agus caife. Beidh ionadaithe ó gach scoil i láthair le linn na sosanna chun plé a dhéanamh le toscairí ar thorthaí agus ar phríomhfhionnachtana a gcuid taighde.

NCSE staff handing out NCSE books and pamphlets at the Research Conference.


Comhdháil Taighde Bhliantúil CNOS 2026

Teacht go Páirc an Chrócaigh, Eolas Taistil & Inrochtaineacht

Teacht chuig an ionad / Inrochtaineacht
Is féidir teacht ar an gcomhdháil trí bhealach isteach Sheastán Uí Chusack nó trí Ascaill Naomh Seosamh, amach ó Bhóthar Chluain Life. Ná húsáid, le do thoil, an bealach isteach ar Bhóthar Jones agus ag Seastán Uí Ógáin, mar iarrfar ar thoscairí na comhdhála siúl nó tiomáint chuig an mbealach isteach eile.

Tá Páirc an Chrócaigh furasta a bhaint amach ar iompar poiblí agus beidh páirceáil saor in aisce ar fáil ar an lá ar thaobh Sheastán Uí Chusack:
• Tá Stáisiún Iarnróid Dhroim Conrach thart ar 10 nóiméad siúil ón ionad agus freastalaíonn seirbhísí iarnróid comaitéireachta agus línte Mhaigh Nuad / M3 Parkway air.
• Tá Stáisiún Uí Chonghaile thart ar 20 nóiméad siúil ón ionad agus cuireann sé rochtain ar fáil ar sheirbhísí DART, Iarnród Comaitéireachta, Iarnród Idirchathrach agus ar an Luas.
• Freastalaíonn roinnt bealaí Bus Átha Cliath ar cheantar Dhroim Conrach freisin.
• Carrchlós Sheastán Uí Chusack: téigh isteach trí Ascaill Naomh Seosamh, amach ó Bhóthar Chluain Life, áit a bhfuil rochtain ar áiseanna páirceála na comhdhála. Chun cabhrú leis an nascleanúint, is féidir suíomh an charrchlóis a fheiceáil ar Google Maps.

Beidh ball d’fhoireann taighde an CNOS i láthair ar maidin na comhdhála chun toscairí a threorú ón mbealach isteach go dtí an Cusack Suite.

Tá Páirc an Chrócaigh inrochtana go hiomlán, le páirceáil inrochtana, bealaí isteach, ardaitheoirí agus leithris inrochtana ar fáil ar fud an ionaid. Má theastaíonn aon chúnamh breise uait, déan teagmháil linn teagmháil linn.

View of the stage at NCSE Research Conference. NCSE Chairperson Fergal Lynch is speaking at the podium. An ISL interpreter is also on the stage.

Comhdháil Taighde Bhliantúil CNOS 2026

Comhdháil Taighde Bhliantúil CNOS 2026 – Sruthanna beo

Tá dhá rogha srutha beo ar fáil do na toscairí atá ag freastal ar an gcomhdháil ar líne:
– Sruth 1
– Sruth 2 le Léirmhíniú TFCÉ agus Fotheidil Dhúnta

Cuirfear tús le gach sruth ag 9.15rn agus tosóidh an comhdháil ag 9.30rn.

Unlocked padlock icon over digital code background depicting data protection

Comhdháil Taighde Bhliantúil CNOS 2026

Fógra Príobháideachas


Tá an CNOS tiomanta do phríobháideachas agus do shonraí pearsanta na ndaoine a n-oibrímid leo agus ar a son a chosaint. Cuireann ár bhfógra príobháideachais agus ár ráiteas cosanta sonraí in iúl duit conas a stórálaimid agus a úsáidimid sonraí pearsanta. Úsáidfear an fhaisnéis a sholáthraíonn tú chun clárú don imeacht seo chun teagmháil a dhéanamh leat maidir le do rannpháirtíocht.
 
Fógra maidir le Scannánú agus Grianghrafadóireacht
Tabhair faoi deara, le do thoil, go dtógfar grianghraif agus/nó go ndéanfar taifeadtaí físe ag an imeacht seo.

–  Cuspóir: Tá an t-ardán agus limistéar an phríomháit stáitse á sruthú beo agus á dtaifeadadh chun iad a roinnt tar éis na himeachta. Féadfar grianghraif de na toscairí, chomh maith lenár gcainteoirí, a úsáid inár dtuairiscí inmheánacha agus seachtracha ar an imeacht, i nuachtlitreacha, agus ar ár suíomh gréasáin oifigiúil agus ar ár gcainéil meán sóisialta.

– Bunús Dlíthiúil: Próiseálaimid na híomhánna seo faoin leas dlisteanach a bhaineann le doiciméadú agus scaipeadh a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na heagraíochta agus ar ghníomhaíochtaí taighde.

– Do Chearta: Mura mian leat go dtógfaí grianghraf díot, cuir ball d’fhoireann na comhdhála taighde nó an grianghrafadóir ar an láthair ar an eolas, le do thoil. Déanfaimid gach iarracht réasúnta chun gan d’íomhá a ghabháil.

Má tá aon cheist agat faoi phríobháideachas do shonraí nó más mian leat iarraidh go mbainfí grianghraf a foilsíodh, seol ríomhphost chugainn le do thoil.




Comhdháil Taighde Bhliantúil CNOS

Cartlann

Féach ar ábhar ónár gComhdhálacha Taighde roimhe seo