Córas Ionchuimsitheach Oideachais den Scoth d’Éirinn
An nuacht is déanaí ón CNOS
24 Samhain 2026
Leathanach Gréasáin Nua de chuid CNOS maidir le Taighde Bunaithe ar Chleachtas Seolta
12/11/2026
Ceapachán ar Bhord Middletown Centre for Autism Ltd
09/11/2026
An tAire Moynihan ag oscailt Chomhdháil Taighde CNOS ar Oideachas Ionadach
01/10/2026
Seoladh an Phróisis Cheapacháin do Chomhaltaí Gnáth chuig an gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta
30/09/2026
Cur isteach ar sheirbhísí CNOS mar gheall ar Ghníomhaíocht Thionsclaíoch atá beartaithe ón 30 Meán Fómhair 2026
18/09/2026
Tá an clárú do Chomhdháil Taighde an CNOS ar an 4 Samhain oscailte anois
Leathanach Baile
Tacaíocht do Thuismitheoirí agus Caomhnóirí
Faigh eolas agus treoir chun cabhrú leat tacú le haistear oideachais do linbh in Éirinn.
Táimid anseo chun cabhrú leat cinntí eolasacha a dhéanamh faoi fhoghlaim agus forbairt do linbh. Cuirimid saineolas ar fáil faoi thacaíochtaí i scoileanna, rochtain ar sheirbhísí, agus an méid atá tú i dteideal.
Leathanach Baile
Tacaíocht do Cheannairí Scoile
Sa chuid seo gheobhaidh tú:
– Eolas faoi na tacaíochtaí atá ar fáil do scoileanna
– Treoirlínte agus cáipéisí iarratais chun rochtain a fháil ar thacaíocht
– Acmhainní chun cabhrú leat oideachas ionchuimsitheach a chur ar fáil
Gheobhaidh tú eolas freisin faoi ranganna speisialta agus scoileanna speisialta, ár Seirbhís Teiripe Oideachais nua agus ár dtionscnamh Relate.
Leathanach Baile
Tacaíocht do Mhúinteoirí
Sa chuid seo, beidh tú ábalta:
– Eolas a fháil ar ár gcúrsaí agus seimineáir d’Fhoghlaim Ghairmiúil Múinteoirí (FGM)
– Féachaint ar ár Leabhrán agus féilire FGM
– Áit i gceann dár gcuid seimineár a chur in áirithe
Gheobhaidh tú réimse acmhainní anseo freisin a chuideoidh leat oideachas ionchuimsitheach a chur ar fáil do na daltaí go léir i do rang.
Leathanach Baile
Príomh‑Oifig CNOS
Faigh amach faoi:
– Obair an Aonaid Taighde
– An chomhairle beartais a chuirimid ar fáil don rialtas
– Gairmeacha in CNOS
– Sonraí agus staitisticí
– Ár gcuid foilseachán
– Eolas teagmhála
– Príomh-Oifig CNOS
An bhfuil cabhair nó eolas faoi scoileanna uait?
Is iad ár n-eagraithe riachtanais speisialta oideachais (ERSOnna) do phríomhtheagmhálaí le haghaidh tacaíochta.
Oibríonn na ERSOnna go díreach le scoileanna, tuismitheoirí agus caomhnóirí, agus páirtithe leasmhara eile chun a chinntiú go bhfaigheann leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu na tacaíochtaí oideachais cuí.
Is cuid iad de líonra tacaíochta níos leithne de mhúinteoirí cuartaíochta, comhairleoirí agus baill foinre CNOS.
Léarscáil ar a bhfuil Eolas faoi Scoileanna
Is féidir leat cuardach a dhéanamh de réir suímh agus teacht ar:
– Scoileanna ina bhfuil rang speisialta
– Sonraí teagmhála do ERSOnna a chuireann tacaíocht ar fáil do na scoileanna gar duit
Déan Teagmháil le CNOS
Táimidne anseo chun cabhrú leat. Úsáid an t-eolas ar ár leathanach Déan Teagmháil Linn chun ceangal a dhéanamh le:
– D’Eagraí Riachtanais Speisialta Oideachais áitiúil (ERSO)
– Múinteoir cuartaíochta
– An Phríomh-Oifig
CEISTEANNA COITIANTA
Conas is féidir linne cabhrú leat?
What is the NCSE?
Bunaíodh an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS) chun feabhas a chur ar sholáthar na seirbhísí oideachais a chuirtear ar fáil do dhaoine a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu de bharr míchumas.
Oibrímid chun tacú le córas oideachais ionchuimsitheach a chuireann ar chumas daltaí agus aosaigh óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu barr a gcumais a bhaint amach.
Mar chomhlacht reachtúil neamhspleách a bunaíodh an Chomhairle ar dtús le hordú an Aire Oideachais agus Eolaíochta i mí na Nollag 2003.
What does the NCSE do?
- Déanaimid pleanáil, comhordú agus athbhreithniú ar an soláthar tacaíochtaí oideachais chun tacú le daltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu de réir bheartas na Roinne Oideachais agus Óige.
- Cuirimid comhairle beartais ar fáil don Aire Oideachais agus Óige maidir le hoideachas speisialta do dhaltaí agus d’aosaigh óga. Tá ár gcomhairle bunaithe ar shaineolas neamhspleách agus fianaise-bhunaithe.
- Déanaimid taighde ar gach gné den oideachas speisialta.
- Cuirimid eolas ar oideachas speisialta ar fáil do na daoine ar fad a dteastaíonn sé uathu.
How are NCSE services delivered?
Cuirimid ár gcuid seibhísí ar fáil trí fhoirne éagsúla de réir réigiúin.
Tá na foirne sin liosaithe thíos.
Foirne CNOS
- Cabhán Muineachán
- Clár Ciarraí
- Corcaigh (3 fhoireann)
- Dun na nGall Liatroim
- Baile Átha Cliath (4 fhoireann)
- Gaillimh
- Cill Dara
- Laois Uíbh Fhailí
- Luimneach
- An Longfort Ros Comáin An Iarmhí
- Lú An Mhí
- Maigh Eo Sligeach
- Tiobraid Árann
- Port Láirge Cill Chainnigh
- Loch Garman Ceatharlach
- Cill Mhantáin
What supports are available to students with special educational needs in school?
- Teagasc Oideachais Speisialta (TOS)
- Rochtain ar Chúntóirí Riachtanas Speisialta (CRS)
- Teicneolaíocht Chúnta ar nós uirlisí léitheoireachta, áiseanna scríbhneoireachta, áiseanna éisteachta agus amhairc.
- Iompar Scoile
- Coimhdirí scoile
- Múinteoirí cuartaíochta do dhaltaí atá Dall nó a bhfuil Laige Amhairc orthu nó daltaí atá Bodhar nó a bhfuil Laige éisteachta orthu agus daltaí atá Bodhar Dall.
Where can my child with special educational needs go to school?
Tá go leor cineálacha scoileanna agus ranganna ann a d’fhéadfadh a bheith oiriúnach do do leanbh. Tugaimid ‘timpeallachtaí oideachais’ orthu seo.
- Scoil phríomhshrutha le tacaíochtaí
- Ranganna speisialta príomhshrutha
- Scoileanna speisialta
- Tá Teagasc Baile ar fáil do scoláirí i gcúinsí áirithe