Rochtain ar Fhaisnéis
Taifid Phearsanta
Rochtain ar Fhaisnéis
GDPR – Rochtain ar Thaifid Phearsanta
Faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR), tá ceart agat rochtain a fháil ar shonraí pearsanta atá i seilbh na Comhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS) fút féin nó faoi do leanbh. Tugtar Iarratas ar Rochtain Ábhair Sonraí (DSAR) air seo.
Inis dúinn cén fhaisnéis go díreach a bhfuil tu ag iarraidh rochtain a fháil uirthi. Chun cabhrú leat agus chun sinn a threorú, comhlánaigh agus seol an ‘Foirm Iarratais ar Rochtain Ábhair Sonraí CNOS’ mar aon leis na doiciméid riachtanacha fíoraithe aitheantais.
Is féidir iarratais a chur ar aghaidh ar ríomhphost nó ar an bpost:
Ríomhphost: dataprotection@ncse.ie
Post: An tOifigeach Cosanta Sonraí, An Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta, 1-2 Sráid an Mhuilinn, Baile Átha Troim, Co. na Mí, C15 P2KC.
Taifid Oifigiúla
Rochtain ar Fhaisnéis
Saoráil Faisnéise – Rochtain ar Thaifid Oifigiúla
Tháinig an tAcht nua um Shaoráil Faisnéise 2014 i bhfeidhm an 14 Deireadh Fómhair 2014. Tá an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS) faoi réir an Achta.
Dearbhaíonn na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise ceart an phobail rochtain a fháil ar fhaisnéis oifigiúil a mhéid is féidir ar bhealach atá comhsheasmhach le leas an phobail agus le ceart príobháideachais daoine aonair.
Rochtain ar Fhaisnéis
An tAcht um Shaoráil Faisnéise 2014
Foráiltear le hAcht um Shaoráil Faisnéise 2014 go bhfuil na cearta seo a leanas ag gach duine de réir an dlí:
– an ceart rochtain a fháil ar thaifid oifigiúla atá i seilbh Ranna Rialtais agus gach comhlacht poiblí a chomhlíonann forálacha Alt 6 den Acht;
– an ceart faisnéis phearsanta a choinnítear fúthu a cheartú nó a nuashonrú i gcás go bhfuil an fhaisnéis sin neamhiomlán, mícheart nó míthreorach; agus
– an ceart cúiseanna a fháil le cinntí a dhéanann comhlachtaí poiblí a dhéanann difear dóibh.
Conas a oibríonn FOI?
Éilíonn an tAcht ar chomhlachtaí poiblí freagra a thabhairt ar iarratais ón bpobal ar fhaisnéis atá acu. I bhformhór na gcásanna, ní mór do chomhlachtaí poiblí a gcinneadh ar iarratas a thabhairt laistigh de 4 seachtaine tar éis é a fháil.
Conas is féidir liom Iarratas FOI a dhéanamh chuig an CNOS?
Ba cheart duit iarratas a sheoladh, i scríbhinn nó trí ríomhphost, chuig
An tOifigeach um Shaoráil Faisnéise
An Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta
Foirgneamh Metropolitan
Sráid James Joyce,
Baile Átha Cliath 1,
D01 K0Y8
Ríomhphost foi@ncse.ie
Cad ba cheart go mbeadh i m’iarratas?
– Ráiteas go bhfuil an t-iarratas á dhéanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise;
– An oiread faisnéise agus is féidir faoi na taifid atá á lorg chun go mbeidh CNOS in ann na taifid a theastaíonn uait agus an tréimhse ama a bhaineann le d’iarratas a aithint; agus
– Uimhir theileafóin nó seoladh ríomhphoist agus do sheoladh poist a chur san áireamh; cabhróidh sé seo má bhíonn ar CNOS teagmháil a dhéanamh leat
– Cén fhormáid inar mian leat aon taifid a scaoiltear a fháil (e.g. fótachóipeanna)
– Nuair a bhíonn faisnéis phearsanta á lorg agat, beidh ort d’aitheantas a chruthú agus iarrfar ort cóip de do Cheadúnas Tiomána, Pas nó foirm aitheantais eile a sholáthar. Cuir cóip den aitheantas seo san áireamh le haon iarratais Saorála Faisnéise ar fhaisnéis phearsanta.
Cuirfidh CNOS in iúl duit go bhfuil d’iarratas faighte aici i scríbhinn laistigh de 10 lá oibre. Cuirfear ainm agus sonraí teagmhála an duine a bheidh ag déanamh an chinnidh ar d’iarratas ar fáil duit freisin sa litir sin mar aon leis an uair is féidir leat a bheith ag súil leis an gcinneadh a fháil.
Nuair a bhíonn taifid á lorg a bhaineann le mionaoiseach nó le tríú páirtí eile, beidh orainn do chaomhnóireacht nó d’údarás dlíthiúil iomchuí a fhíorú go neamhspleách chun rochtain a fháil ar na taifid seo thar a gceann. Beidh ort freisin an doiciméadacht riachtanach a sholáthar chun teideal rochtana ar na taifid seo a fhíorú. Tabhair faoi deara nach dtosóidh an tréimhse reachtúil ceithre seachtaine chun d’iarratas Saorála Faisnéise a phróiseáil, nó má tá sé tosaithe cheana féin, féadfar é a chur ar fionraí, go dtí go mbeidh an doiciméadracht riachtanach faighte agus deimhnithe ag CNOS.
An bhfuil táille i gceist chun faisnéis a fháil faoin Acht um Shaoráil Faisnéise?
Níl aon táille i gceist chun iarratas a chur isteach. Maidir le hiarratais neamhphearsanta, féadfar táillí eile a chur i bhfeidhm as an am a chaitear ag aimsiú taifead agus as aon chostais atáirgthe a thabhaítear chun an t-ábhar atá iarrtha a chur ar fáil duit (táillí cuardaigh, aisghabhála agus cóipeála).
Cad a tharlaíonn mura bhfuilim sásta leis an gcinneadh ar mo iarratas FOI?
Féadfaidh tú achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh laistigh de shé mhí trí scríobh chuig Oifig an Choimisinéara Faisnéise. Déanfaidh an Coimisinéir Faisnéise scrúdú iomlán ar an ábhar agus breithneoidh sé é agus eiseoidh sé cinneadh nua. Ba cheart gach achomharc a sheoladh chuig:
An Coimisinéir Faisnéise,
18 Sráid Fhearchair Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353 (1) 639 5689
Glao Áitiúil: 1890 22 30 30
Facs: +353 (1) 639 5674
Ríomhphost: info@oic.ie
An bhfuil táille ann?
Féadfar táille €50 (€15 do shealbhóirí cárta leighis) a chur i bhfeidhm ar iarratas den sórt sin. Arís, níl aon táille ar achomhairc a dhéanamh chuig Oifig an Choimisinéara Faisnéise a bhaineann le faisnéis phearsanta sa chás go mbaineann sé leis an duine féin nó le cinneadh táille nó éarlais a ghearraidh.
Cá bhfaighidh mé tuilleadh eolais faoi FOI?
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Shaoráil Faisnéise, lena n-áirítear téacs na nAchtanna Saorála Faisnéise, féach ar www.foi.gov.ie
Taifid Chomhshaoil
Rochtain ar Fhaisnéis
Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol
Tá CNOS faoi réir na rialachán freisin a rialaíonn iarratais ar rochtain ar fhaisnéis faoin gcomhshaol. Más mian leat iarratas a dhéanamh faoi na rialacháin seo, féadfaidh tú d’iarratas a sheoladh chuig
An Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta
Foirgneamh Metropolitan
Sráid James Joyce,
Baile Átha Cliath 1,
D01 K0Y8
Ríomhphost foi@ncse.ie
Rochtain ar Fhaisnéis
Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol
Tá tuilleadh faisnéise ar na riachtanais a bhaineann le hiarratas a dhéanamh ar fáil ag na naisc thíos:
http://www.environ.ie/en/Environment/AccesstoInformationontheEnvironment/
SI 133 de 2007 Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol – Treoirlínte Oifigiúla
SI 133 de 2007 Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol