Comhdháil Taighde Bhliantúil CNOS 2024
Dé Céadaoin, 6 Samhain 2024 – 09:30 – 15:40
Óstán Gibson, Cearnóg an Phointe, An Balla Thuaidh, Baile Átha Cliath 1, D01 X2P2
#ncseconf2024
Comhdháil Taighde Bhliantúil CNOS 2024
Comhdháil Taighde Bhliantúil CNOS 2024
Reáchtálamar ár gComhdháil Taighde bhliantúil san Óstán Gibson ar an 6 Samhain 2024. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le gach duine a d’fhreastail uirthi, go pearsanta agus ar líne araon, as a gcuid ranníocaíochtaí i rath na comhdhála.
Téama chomhdháil 2024:
Cur i bhFeidhm de réir a chéile ar Chóras Oideachais Ionchuimsithigh in Éirinn: An CNOS nua agus Fís 2026
Maidir le gach ceann de na seisiúin chainteoirí, is féidir leat rochtain a fháil ar an achoimre, ar na nótaí beathaisnéise agus ar na sleamhnáin:
– Aitheasc fáilte – An Dr Fergal Lynch
– Cumhachtú Múinteoirí chun Oideachas Ionchuimsitheach agus Cothrom a Chur Chun Cinn – An tOllamh Lani Florian
– Tionchar Thuarascáil Sheirbhísí Tosaigh CNOS – An tOllamh Deborah Robinson & an Dr Lisha O’Sullivan
– An CNOS Nua – John Kearney
– Oideachas Ionchuimsitheach sa Phortaingéil: Láidreachtaí, Dúshláin agus Ceachtanna Foghlamtha – An Dr Lucie Cerna
– Píolótach Taighde Bunaithe ar Chleachtas CNOS – Pléphainéal
Chun d’ainm a chur le liosta seoltaí Taighde CNOS, seol ríomhphost chuig research@ncse.ie
Comhdháil Taighde Bhliantúil CNOS 2024
Fáilte chuig Comhdháil Taighde CNOS
Féach ar an bhfáilte agus ar an réamhrá chuig Comhdháil Taighde CNOS 2024 ón Dr Fergal Lynch, Cathaoirleach na Comhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS).
Comhdháil Taighde Bhliantúil CNOS 2024
Seisiún 1
Comhdháil Taighde Bhliantúil CNOS 2024
Féach ar an achoimre agus ar an mbeathaisnéis don Ollamh Lani Florian
Labhair an tOllamh Lani Florian, Ollamh Emerita in Oideachas (Cathaoir Bell) in Ollscoil Dhún Éideann, ar an ábhar cumhachtú múinteoirí chun oideachas ionchuimsitheach agus cothrom a chur chun cinn.
Comhdháil Taighde Bhliantúil CNOS 2024
Torthaí ó thaighde neamhspleách arna choimisiúnú ag an gCNOS a rinne iniúchadh ar thionchar sheirbhísí tosaigh an CNOS, ó pheirspictíocht na ndaltaí, na dtuismitheoirí/na gcúramóirí agus phobail na scoileanna.
Chuir an Dr Deborah Robinson, Ceann Institiúid an Oideachais Strathclyde, Ollscoil Strathclyde, agus an Dr Lisha O’Sullivan, Ceann Roinn na hOideolaíochta Machnamhaí agus Staidéir Luath-Óige, Coláiste Mhuire gan Smál, a gcuid torthaí i láthair ón staidéar arna choimisiúnú ag an gCNOS a scrúdaigh tionchar sheirbhísí tosaigh an CNOS ó pheirspictíocht na ndaltaí, na dtuismitheoirí/na gcúramóirí agus phobail na scoileanna.
Comhdháil Taighde Bhliantúil CNOS 2024
An CNOS Nua
Roinn John Kearney, Príomhfheidhmeannach an CNOS, sonraí faoin CNOS nua, ag leagan amach ár leathnú agus Fís 2026 – ár bhfís do chóras oideachais ionchuimsithigh den chéad scoth.
Comhdháil Taighde Bhliantúil CNOS 2024
Seisiún 2
Comhdháil Taighde Bhliantúil CNOS 2024
Athbhreithniú OECD ar Oideachas Ionchuimsitheach sa Phortaingéil: Láidreachtaí, Dúshláin agus Ceachtanna Foghlamtha
Roinn an Dr Lucie Cerna, Anailísí Sinsearach ar Chothromas, Cuimsiú agus Aistrithe san OECD, na láidreachtaí, na dúshláin agus na ceachtanna foghlamtha ón Athbhreithniú OECD ar Oideachas Ionchuimsitheach sa Phortaingéil.
Comhdháil Taighde Bhliantúil CNOS 2024
Clár Píolótach Taighde Bunaithe ar Chleachtas CNOS (PBR) – Pléphainéal
Pléphainéal ar Chlár Píolótach Taighde Bunaithe ar Chleachtas (PBR) an CNOS, le hionchur ó:
– Jennifer Doran, Ceann Taighde, CNOS
– An Dr Kevin Cahill, Léachtóir Sinsearach in Oideachas, UCC
– Laura Miskella, múinteoir iar-bhunscoile, Scoil Chomhphobail Ráth an Ghráinseach, Loch Garman
– Ann O’Regan, múinteoir iar-bhunscoile, Scoil Chomhphobail Charraig Uí Leighin, Corcaigh
– Éilis Dillon, Príomhoide, Scoil Speisialta Naomh Cecilia, Sligeach
Comhdháil Taighde Bhliantúil CNOS 2024
Cosaint Sonraí agus Príobháideachas
Tá CNOS tiomanta do phríobháideachas agus sonraí pearsanta na ndaoine a n-oibrímid leo agus iad a chosaint.
Insíonn ár bhFógra Príobháideachais agus ár Ráiteas Cosanta Sonraí duit faoin gcaoi a stórálaimid agus a n-úsáidimid sonraí pearsanta. Úsáidfimid an fhaisnéis a sholáthraíonn tú chun clárú don ócáid seo chun teagmháil a dhéanamh leat faoi do láithreacht.