Cur in iúl ó Thuismitheoirí

Cur in iúl ó Thuismitheoirí

Cé air a bhfuil seo dírithe?

Tá Cur in iúl ó Thuismitheoirí dírithe ar thuismitheoirí agus ar chaomhnóirí atá ag lorg socrúcháin nua i Rang Speisialta nó i Scoil Speisialta dá bpáiste do Mheán Fómhair 2027.

Cur in iúl ó Thuismitheoirí

Cathain is gá dom an fhoirm a chomhlánú?

Comhlánaigh an fhoirm ar líne faoin 1 Meán Fómhair 2026.

Cuir tuarascálacha gairmiúla agus doiciméid tacaíochta isteach faoin 15 Meán Fómhair 2026, nó chomh luath agus is féidir ina dhiaidh sin mura bhfuil siad ar fáil go fóill.

Má theastaíonn cúnamh uait, déan teagmháil le d’Eagraí Riachtanas Speisialta Oideachais (ERSO) áitiúil.

Mura féidir leat do thuarascálacha a uaslódáil agus an fhoirm á comhlánú agat, comhlánaigh agus cuir isteach an fhoirm mar sin féin. Má theastaíonn cúnamh uait, déan teagmháil le d’ERSO áitiúil.

Cur in iúl ó Thuismitheoirí

Cén t-eolas a bheidh de dhíth orm?

Chun an fhoirm Cur in iúl ó Thuismitheoirí a chomhlánú, bíodh an t-eolas seo a leanas réidh agat:

– Uimhir PSP do pháiste
– Dáta breithe
– Seoladh baile
– Éirchód
– Tuarascáil(í) ghairmiúil(gairmiúla) ábhartha
– Plean Tacaíochta Dalta (má tá sé ar fáil)

Cur in iúl ó Thuismitheoirí

Conas a chuidíonn Cur in iúl ó Thuismitheoirí?

Cuidíonn Cur in iúl ó Thuismitheoirí leat incháilitheacht do pháiste do shocrúchán i Rang Speisialta nó i Scoil Speisialta a mheas.

Cuidíonn Cur in iúl ó Thuismitheoirí linn tuiscint a fháil ar na socrúcháin a bheidh de dhíth don scoilbhliain 2027/28 chun tacú leis an bpleanáil.

Cur in iúl ó Thuismitheoirí

Cad a tharlóidh tar éis dom an fhoirm a chur isteach?

Déanfaidh d’ERSO áitiúil athbhreithniú ar an eolas agus ar na doiciméid a chuir tú ar fáil.

Déanfaidh sé/sí:
– teagmháil leat má bhíonn tuilleadh eolais ag teastáil;
– cabhrú leat má bhíonn aon deacracht agat doiciméid a uaslódáil;
– na critéir incháilitheachta do Ranganna Speisialta nó do Scoileanna Speisialta a phlé leat má tá ceisteanna agat;
– eolas a chur ar fáil faoi na roghanna socrúcháin atá ar fáil i do cheantar;
– scríobh chugat chun toradh an athbhreithnithe a chur in iúl duit.

Cur in iúl ó Thuismitheoirí

Tábhachtach: Ní iarratas ar áit scoile é seo

Ní hionann an fhoirm Cur in iúl ó Thuismitheoirí a chomhlánú agus iarratas a dhéanamh ar áit scoile.

Ní mór duit iarratas a dhéanamh go díreach chuig an scoil nó chuig na scoileanna ar mhaith leat go bhfreastalódh do pháiste orthu.

Is cuid riachtanach den phróiseas iarratais ar áit i Rang Speisialta nó i Scoil Speisialta í an Litir Incháilitheachta.

Is iad na scoileanna féin a dhéanann cinntí maidir le ligean isteach de réir a mbeartas iontrála féin.

Tá sé tábhachtach dátaí agus spriocdhátaí na scoileanna a sheiceáil.

Cur in iúl ó Thuismitheoirí

Cad is Litir Incháilitheachta ann?

Deimhníonn Litir Incháilitheachta go gcomhlíonann do pháiste critéir na Roinne Oideachais agus Óige chun iarratas a dhéanamh ar shocrúchán i Rang Speisialta nó i Scoil Speisialta.

Beidh an litir seo de dhíth ort agus tú ag déanamh iarratais ar áit i Rang Speisialta nó i Scoil Speisialta. Dá bhrí sin, coinnigh í in áit shábháilte.

Mura gcomhlíonann do pháiste na critéir, scríobhfaidh d’ERSO chugat chun é sin a mhíniú. Beidh d’ERSO ar fáil freisin chun na chéad chéimeanna eile a phlé leat.