CNOS Taighde Taighde Bunaithe ar Chleachtas an CNOS Taighde Bunaithe ar an gCleachtas: Acmhainní Taighde

Taighde Bunaithe ar an gCleachtas: Acmhainní Taighde

Taighde Bunaithe ar an gCleachtas: Acmhainní Taighde

Acmhainní


Táimid i mbun an leabharlann acmhainní seo a fhorbairt faoi láthair agus leanfaimid orainn ag cur ábhair nua léi chun tacú le cleachtóirí atá i mbun taighde bunaithe ar an gcleachtas. Idir an dá linn, is féidir leat amharc ar roinnt acmhainní seachtracha úsáideacha atá ar fáil cheana féin, lena n-áirítear treoir maidir le:
– Léirmheasanna litríochta a dhéanamh
– Dearadh suirbhéanna agus scálaí Likert
– Forbairt ceistneoirí
– Pleanáil agallaimh agus treoracha agallaimh

Coinnigh súil air seo go rialta, mar tá an leabharlann acmhainní seo ag méadú de réir a chéile.

Taighde Bunaithe ar an gCleachtas: Acmhainní Taighde

Padlet TBC CNOS


Tá Padlet cruthaithe ag CNOS do rannpháirtithe sa Chlár Taighde Bunaithe ar an gCleachtas. Tá samplaí de theimpléid taighde úsáideacha agus acmhainní taighde eile sa Padlet. Tá samplaí d’achoimrí taighde ó scoileanna sa Padlet freisin. Gheobhaidh rannpháirtithe an pasfhocal nuair a bheidh a rannpháirtíocht sa Chlár Taighde Bunaithe ar an gCleachtas (TBC) deimhnithe.

Taighde Bunaithe ar an gCleachtas: Acmhainní Taighde

Na buntáistí a bhaineann le taighde sa seomra ranga le Scoil Teangacha Londan


Faigh amach conas is féidir le taighde sa seomra ranga cabhrú le múinteoirí a gcuid múinteoireachta a fheabhsú agus tacú le foghlaim níos fearr do dhaltaí

Taighde Bunaithe ar an gCleachtas: Acmhainní Taighde

Treoir maidir le Léirmheas Litríochta le Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath


Cabhróidh an treoir seo leat tús a chur le do léirmheas litríochta trí bhuneolas a chur ar fáil maidir le cad is léirmheas ann, conas é a scríobh agus cá háit le tabhairt faoin taighde.

Taighde Bunaithe ar an gCleachtas: Acmhainní Taighde

Straitéisí le haghaidh Agallaimh Cháilíochtúla le Roinn na Socheolaíochta, Ollscoil Harvard


Cuirtear treoir phraiticiúil ar fáil maidir le hagallaimh cháilíochtúla éifeachtacha a phleanáil, a reáchtáil agus a bhainistiú. Áirítear ann leideanna maidir le treoracha agallaimh a fhorbairt, ceisteanna oscailte a chur, agus rannpháirtithe a spreagadh chun cur síos mion a dhéanamh ar a gcuid eispéiris.

Taighde Bunaithe ar an gCleachtas: Acmhainní Taighde

Bileog Leideanna ó Ollscoil Harvard maidir le Foclaíocht Ceisteanna


Cuirtear treoir phraiticiúil ar fáil maidir le ceisteanna suirbhé atá soiléir agus éifeachtach a dhearadh. Pléitear ann foclaíocht ceisteanna, roghanna freagartha, agus struchtúr an cheistneora, chun cabhrú le cáilíocht agus iontaofacht shonraí an tsuirbhé a fheabhsú.

Taighde Bunaithe ar an gCleachtas: Acmhainní Taighde

Scálaí Likert a dhearadh ó TASO


Bain úsáid as ár dtreoir 8 gcéim chun scálaí Likert bailí agus iontaofa a chruthú do shuirbhéanna. Foghlaim conas scálaí Likert a dhearadh a thacaíonn le meastóireacht bhríoch ó dhaltaí.

Taighde Bunaithe ar an gCleachtas: Acmhainní Taighde

Samplaí de Scálaí Likert do Shuirbhéanna ó Ollscoil Stáit Iowa

Le Samplaí de Scálaí Likert le haghaidh Suirbhéanna, cuirtear samplaí atá éasca le húsáid de scálaí rátála suirbhé ar fáil, rud a chabhraíonn leat na roghanna freagartha is oiriúnaí a roghnú do cheistneoirí agus do mheastóireachtaí. Is acmhainn úsáideach í chun ceisteanna suirbhé atá soiléir agus éifeachtach a dhearadh.