CNOS Taighde Taighde Bunaithe ar Chleachtas an CNOS

Taighde Bunaithe ar Chleachtas an CNOS

Group of people standing in front of a National Council for Special Education banner

Taighde Bunaithe ar Chleachtas an CNOS

Clár Taighde Bunaithe ar Chleachtas an CNOS


Tacaíonn Clár Taighde Bunaithe ar Chleachtas (TBC) na Comhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS) le múinteoirí agus le scoileanna tabhairt faoi thaighde atá dírithe ar an ionchuimsiú agus ar an oideachas speisialta. Is é aidhm an chláir eolas taighde, scileanna taighde agus acmhainn taighde oideachasóirí atá ag cleachtadh a neartú trína chur ar a gcumas tionscadail taighde ar mhionscála a dhéanamh ina suíomhanna scoile féin.

Tríd an obair seo, déanann rannpháirtithe iniúchadh ar cheisteanna a bhaineann lena gcleachtas gairmiúil agus úsáideann siad cur chuige atá bunaithe ar fhianaise chun an teagasc agus an fhoghlaim a fheabhsú do gach foghlaimeoir, go háirithe dóibh siúd a bhfuil riachtanais bhreise oideachais acu.

Comhoibríonn an CNOS le roinnt Institiúidí Ardoideachais (IAOanna) chun oiliúint, treoir agus tacaíocht a chur ar fáil do mhúinteoirí rannpháirteacha le linn phleanáil, chur i bhfeidhm agus scaipeadh a dtionscadal TBC de chuid an CNOS.

Gheobhaidh tú tuilleadh eolais faoi TBC an CNOS agus faoin gcaoi le hiarratas a dhéanamh i bPríomhdhoiciméid TBC an CNOS.

Ar mhaith leat tuilleadh a fhoghlaim faoi Chlár TBC an CNOS? Tugann an fhaisnéisghrafaic thíos réamhrá gairid. Tá fáilte romhat í a íoslódáil agus a roinnt laistigh de do scoil.

Person looking through a stack of reports with coloured labels on a table.

Taighde Bunaithe ar Chleachtas an CNOS

Achoimrí Taighde TBC an CNOS


Tar éis dóibh páirt a ghlacadh sa chlár, ní mór do gach scoil achoimre leathanaigh amháin ar a gcuid taighde a chomhlánú.

Míníonn na hachoimrí cuspóir an taighde, cé a ghlac páirt ann, agus na modhanna a úsáideadh chun é a dhéanamh.

Leagann siad amach príomhthorthaí an taighde agus taispeánann siad conas a úsáideadh na torthaí chun cleachtas scoile a fheabhsú.

Research Summaries Atlantic Technological University
Research Summaries Dublin City University
Research Summaries Mary Immaculate College
Research Summaries Maynooth University
Research Summaries Trinity College Dublin
Research Summaries University College Cork

Taighde Bunaithe ar Chleachtas an CNOS

Príomhdhoiciméid agus Eolas an Chláir

Tabbed Notepad with a cover page displaying the word 'Resources'. Notepad is sitting on top of a computer keyboard.

Taighde Bunaithe ar Chleachtas an CNOS

Acmhainní an Chláir


Soláthraíonn an rannán seo naisc chuig acmhainní taighde chun tacú le rannpháirtíocht scoileanna agus oideachasóirí i gClár Taighde Bunaithe ar Chleachtas an CNOS.

Is féidir leis na hábhair seo cabhrú leat taighde a aimsiú, a úsáid agus a chur i bhfeidhm chun tacú le cleachtas uilechuimsitheach agus chun torthaí a fheabhsú do gach foghlaimeoir.

Audience seated in a conference room facing a presentation screen

Taighde Bunaithe ar Chleachtas an CNOS

TBC ag an gComhdháil Taighde

Tá físeáin agus grianghraif ó Chomhdháil Bhliantúil Taighde an CNOS sa rannán seo. Déan iniúchadh ar chur i láthair ó thionscadail Taighde Bunaithe ar Chleachtas agus faigh eolas faoin taighde nuálach atá á dhéanamh i scoileanna.

Cuirfear ábhar nua ón gcomhdháil leis gach bliain.