Cur isteach ar sheirbhísí CNOS mar gheall ar Ghníomhaíocht Thionsclaíoch atá beartaithe ón 30 Meán Fómhair 2026
Posted on 30/09/2026
Cur isteach ar sheirbhísí CNOS mar gheall ar Ghníomhaíocht Thionsclaíoch atá beartaithe ón 30 Meán Fómhair 2026
a mhaith linn a chur in iúl do scoileanna, do thuismitheoirí/chaomhnóirí agus dár bpáirtithe leasmhara go bhféadfadh cur isteach a bheith ar chuid dár seirbhísí ón 30 Meán Fómhair 2026, mar gheall ar ghníomhaíocht thionsclaíoch atá beartaithe ag líon suntasach dár mbaill foirne.
Cé go bhfuil gach iarracht á déanamh againn ár gcroísheirbhísí a choinneáil ar bun agus aon mhíchaoithiúlacht a laghdú, d’fhéadfadh moilleanna a bheith ar ár dteagmháil libh, lena n-áirítear freagraí ar bhur bhfiosruithe, próiseáil iarratas, athbhreithnithe a dhéanamh agus tacaíochtaí eile a chur ar fáil.
Bígí cinnte go ndéanfar gach iarracht tús áite a thabhairt do chúrsaí práinneacha agus do chúrsaí atá íogair ó thaobh ama de le linn na tréimhse seo.
Parents Notify: Ba cheart do thuismitheoirí/chaomhnóirí leanúint de CNOS a chur ar an eolas agus iad ag lorg socrúchán speisialaithe don scoilbhliain 2027/28 trí aighneacht a dhéanamh trínár dtairseach:https://www.ncse.ie/ga/tuismitheoiri-caomhnoiri/na-proisis-iarratais-reatha/cur-in-iul-o-thuismitheoiri/
Gabhaimid ár leithscéal as aon mhíchaoithiúlacht a d’fhéadfadh a bheith ann agus gabhaimid buíochas le teaghlaigh, scoileanna agus páirtithe leasmhara as a bhfoighne agus a dtuiscint.
eanfar d’eolas cothrom le dáta a chur ar fáil ar ár suíomh gréasáin agus trínár ngnáthbhealaí cumarsáide de réir mar a bheidh tuilleadh eolais ar fáil.
Nuacht NCSE
https://www.ncse.ie/ga/cnos/maidir-linne/nuacht/