Nuashonrú Cur in iúl ó Thuismitheoirí do Mheán Fómhair 2027
Posted on 07/07/2026
Ba chóir do thuismitheoirí agus do chaomhnóirí atá ag lorg socrúcháin dá bpáiste i Rang Speisialta nua nó i Scoil Speisialta don scoilbhliain 2027/2028 an CNOS a chur ar an eolas anois.
Comhlánaigh an fhoirm ar líne faoin 1 Meán Fómhair 2026.
Mura bhfuil na doiciméid riachtanacha agat go fóill, cuir isteach an fhoirm mar sin féin. Is féidir na doiciméid tacaíochta a chur isteach go dtí an 15 Meán Fómhair 2026, nó chomh luath agus is féidir ina dhiaidh sin.
Má chuireann tú an fhoirm isteach gan na doiciméid riachtanacha a bheith ceangailte léi, déanfaidh d’Eagraí Riachtanas Speisialta Oideachais (ERSO) áitiúil teagmháil leat go díreach.
Is féidir leat an fhoirm a chomhlánú ar chuig leathanach Cur in iúl ó Thuismitheoirí.