Aiseolas agus Gearáin ó Chustaiméirí
Aiseolas
An nós imeachta maidir le haiseolas agus gearáin ó chustaiméirí
Leagtar amach sa nós imeachta maidir le haiseolas agus gearáin ó chustaiméirí amach na próisis atá i bhfeidhm chun go ndéileálaimid le haon imní nó aiseolas a d’fhéadfadh a bheith agat faoinár gcuid oibre.
Aiseolas
Meicníochtaí athbhreithnithe do thacaíochtaí TOS agus CRS
Ba chóir a thabhairt faoi deara go bhfuil meicníochtaí athbhreithnithe ar leith ann do leithdháiltí maidir le teagasc oideachais speisialta (TOS) agus cúntóirí riachtanas speisialta (CRS) do scoileanna. Cliceáil ar na cnaipí thíos chun tuilleadh eolais a fháil faoi na hathbhreithnithe seo.
Aiseolas
Gearáin Fhoirmiúla
Lean na céimeanna sa Nós Imeachta maidir le hAiseolas agus Gearáin ó Chustaiméirí más mian leat gearán oifigiúil a dhéanamh. Tá sé le fáil i gCuid 3.
Chun gearán foirmiúil a dhéanamh, líon isteach an ‘Foirm ghearáin fhoirmiúil’.
Nuair a bheidh an fhoirm comhlánaithe agat, sínigh í agus seol ar ais chugainn í ar cheachtar de na bealaí seo:
Ar an bpost:
Aiseolas & Gearáin ó Chustaiméirí an CNOS
An Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta
Bloc C, Campas Oifigí Baile an Scorlógaigh
Baile Átha Throim
Contae na Mí
C15 K2R9
Nó ar ríomhphost: feedback@ncse.ie
Aiseolas
Cairt Custaiméirí
Féach Cairt Custaiméirí agus Plean Gníomhaíochta an CNOS.