Tacaíocht Churaclaim do Scoileanna Speisialta
Tacaíocht Churaclaim do Scoileanna Speisialta
Cad atá i gceist le Tacaíocht Churaclaim do Scoileanna Speisialta?
Tá Curaclam Bunscoile athfhorbartha á chur i bhfeidhm (á thabhairt isteach de réir a chéile) in Éirinn. Tacaíonn an CNOS le gach scoil speisialta leis an gcuraclam seo.
Le linn na scoilbhliana 2025/26, dúnfaidh scoileanna ar feadh dhá lá chun tacú le cur i bhfeidhm an Chreata Curaclaim Bunscoile. Tá sé seo de réir Ciorclán 0067/2025.
Éascóidh ár bhfoireann Curaclam Bunscoile (Scoil Speisialta) dhá lá dúnta scoile, lá amháin i dTéarma 2 agus lá amháin i dTéarma 3 den scoilbhliain 2025/26.
Rachaidh muid i dteagmháil go díreach leis na scoileanna speisialta le sonraí faoin tacaíocht seo.
Tacaíocht Churaclaim do Scoileanna Speisialta
Creat Churaclam na Bunscoile
Leagtar amach i gCreat Churaclam na Bunscoile cuspóir, struchtúr agus ábhar an churaclaim. Is é atá mar bhonn le foghlaim, teagasc agus measúnú ardchaighdeáin do gach leanbh.
Tá sé mar aidhm aige bunús láidir a chur ar fáil do gach leanbh chun go mbainfidh siad barr a gcumais amach agus chun go mbeidh siad faoi bhláth, ag tacú leo a lánacmhainneacht a bhaint amach ina ndaoine aonair agus ina mbaill den phobal agus den tsochaí.
Tacaíocht Churaclaim do Scoileanna Speisialta
Tacaíocht Leanúnach do Churaclam Matamaitice na Bunscoile
Is féidir le scoileanna speisialta iarratas a dhéanamh ar Thacaíocht Leanúnach do Churaclam Matamaitice na Bunscoile le linn na scoilbhliana, 2025/26.
Is é aidhm na tacaíochta leanúnaí seo cabhrú le scoileanna speisialta Curaclam Matamaitice na Bunscoile a thabhairt i bhfeidhm.
Is féidir lenár gcomhairleoirí curaclaim bunscoile suas le trí chuairt tacaíochta scoile a thabhairt ar scoil speisialta.
Tá iarratais ar Thacaíocht Leanúnach do Churaclam Matamaitice na Bunscoile dúnta anois don scoilbhliain 2025/26.
Tacaíocht Churaclaim do Scoileanna Speisialta
Cathain is féidir liom iarratas a dhéanamh ar thacaíocht Leanúnach do Scoileanna Speisialta?
Tá iarratais ar Thacaíocht Leanúnach do Churaclam Matamaitice na Bunscoile dúnta anois don scoilbhliain 2025/26.