Comhairleoirí
Comhairleoirí
Ról an chomhairleora
Is féidir le comhairleoirí tacú le foghlaim ghairmiúil múinteoirí agus lena gcumas gach dalta a ionchuimsiú.
Déanann siad speisialtóireacht i réimsí éagsúla, amhail:
– Iompar agus folláine
– Teanga Chomharthaíochta na hÉireann
– Uathachas
– Oideachas agus Curaclam
Is féidir lenár gcomhairleoirí tacú leat mar mhúinteoir aonair. Mar sin féin, is é an aidhm fhoriomlán cleachtas múinteoirí agus foghlaim daltaí a shaibhriú ar fud na scoile ar fad.
Comhairleoirí
Conas a fhaighim tacaíocht ó chomhairleoir?
Is féidir le comhairleoirí tacú le foghlaim ghairmiúil múinteoirí agus ceannairí scoile ar bhealaí éagsúla.
Is féidir leat:
-Clárú do cheann dár n-eispéiris foghlama gairmiúla atá liostaithe i gcatalóg Moodle an CNOS um Fhoghlaim Ghairmiúil do Mhúinteoirí (FGM).
-Iarratas a dhéanamh ar fhoghlaim ghairmiúil do mhúinteoirí trí Thairseach Scoile an CNOS.
-Páirt a ghlacadh i dtacaíocht leanúnach.
-Buntáiste a bhaint as ár bhfoilseacháin agus ár n-acmhainní.