Acmhainní Teiripe Saothair do Mhúinteoirí

PDF document titled Handwriting, Universal Approaches to Supporting Differences

Acmhainní Teiripe Saothair do Mhúinteoirí


Lámhscríbhneoireacht: Cuir Chuige Uilíoch chun Tacú le hÉagsúlachtaí


Tá an chaoi a ndéanann daltaí cumarsáid agus a gcuireann siad a gcuid foghlama in iúl ag athrú ar luas níos sciobtha ná riamh. Príomh-mhodh amháin fós is ea an lámhscríbhneoireacht chun eolas a léiriú. Tá sé mar aidhm ag an acmhainn seo tacú le scoileanna chun:

– Machnamh a dhéanamh ar chuspóir agus ar thábhacht na lámhscríbhneoireachta.
– Deiseanna don rang uile a aithint i rith lá na scoile chun scileanna lámhscríbhneoireachta na ndaltaí a fhorbairt.
– Polasaí uile-scoile a aithint a chuireann comhsheasmhacht chun cinn i dteagasc agus i bhfoghlaim na lámhscríbhneoireachta ar feadh bhlianta na scoile.
– Comhoibriú le daltaí chun na tacaíochtaí a d’fhéadfadh cabhrú leo a gcuid foghlama a chur in iúl a aithint.

Cover of "Sensory Spaces in Schools" by the National Council for Special Education

Acmhainní Teiripe Saothair do Mhúinteoirí


An Dara hEagrán de Spásanna Céadfacha i Scoileanna

Tacaíonn an leabhrán seo le foireann na scoile machnamh a dhéanamh ar ról an spáis chéadfaigh.
(Is seomra é spás céadfach inar féidir spás a chur ar fáil do dhaltaí a bhféadfadh scíth a bheith ag teastáil uathu ó thimpeallacht ghnóthach agus ghlórach)

I do mhúinteoir duit, is féidir leis an leabhrán cabhrú leat:
– Smaoineamh ar an dea-chleachtas nuair atá spás céadfach á shocrú
– An chaoi leis an spás a úsáid go héifeachtach a fhiosrú chun tacú le gach dalta

Trí theoiric agus cleachtas a mheascadh, cuirtear cuir chuige phraiticiúla ar fáil leis chun tacú le héagsúlachtaí céadfacha agus cuirtear breithnithe ar fáil ar ról na spásanna céadfacha agus tacaíocht á tabhairt do gach dalta.

Cover page of "The Physical Classroom Environment" guide by the National Council for Special Education

Acmhainní Teiripe Saothair do Mhúinteoirí

An Timpeallacht Fhisiciúil sa Seomra Ranga: Spásanna Foghlama Uilíocha a Chruthú


Is féidir leis an leabhrán seo cabhrú leat timpeallachtaí foghlama cuimsitheacha agus inoiriúnaithe a chruthú a rachaidh chun tairbhe do gach dalta. Scrúdaítear ann straitéisí agus uirlisí praiticiúla is féidir leat a chur i bhfeidhm go héasca i do sheomra ranga.

Trí dhíriú ar an seomra ranga fisiciúil, tá sé mar aidhm leis an leabhrán:
– Rannpháirtíocht na ndaltaí a fheabhsú
– Bacainní ar an bhfoghlaim a laghdú
– Áit a chruthú ina mbraitheann gach dalta ar a shuaimhneas

Cover page of the "Classroom Sensory Screening Tool" by the National Council for Special Education

Acmhainní Teiripe Saothair do Mhúinteoirí

Uirlis Scagtha Chéadfaigh Seomra Ranga


Tá a fhios againn inár gcáil mar mhúinteoirí gur féidir le tréithe céadfacha ár seomraí ranga tionchar mór a imirt ar rannpháirtíocht agus ar fhoghlaim na ndaltaí. Is féidir le spásanna foghlama a mbaineann an iomarca nó nach mbaineann a ndóthain ábhar spreagtha chéadfaigh leo bacainn a chur ar aird an dalta agus ar a ullmhacht dul i mbun foghlama.

Trí úsáid a bhaint as an Uirlis Scagtha Chéadfaigh, is féidir leat iniúchadh céadfach a dhéanamh ar do sheomra chun:
– Na gnéithe de do sheomra ranga atá ag obair go maith a fheiceáil
– Seomra ranga atá níos compordaí ó thaobh na gcéadfaí de a chruthú

An illustration of three uniformed students wearing face masks. One student is seated and stretching with arms raised to the side, another is seated in a wheelchair with one hand on the chest and one on the stomach, and the third is seated holding a yellow sheet of paper.


Acmhainní Teiripe Saothair do Mhúinteoirí

Sosanna Gluaiseachta i Seomraí Ranga Iar-Bhunscoile


Is féidir leat smaointe agus straitéisí gluaiseachta simplí a fhoghlaim ón leabhrán seo a mbeidh tú in ann a úsáid i do sheomra ranga gan aon ghá le trealamh ná le spásanna móra.

Is féidir leis cabhrú leat leibhéil fuinnimh na ndaltaí a rialáil agus a n-aird a choinneáil.

Is féidir leat na gníomhaíochtaí gluaiseachta a úsáid mar rang iomlán nó iad a chur in oiriúint do dhaltaí agus iad ina suí agus ina seasamh.