Páipéar comhairle beartais suntasach maidir le scoileanna agus ranganna speisialta foilsithe ag CNOS
Oideachas Ionchuimsitheach do Shochaí Ionchuimsitheach
Moltaí suntasacha ina leagtar béim ar:
- Cosán forásach i dtreo chóras oideachais níos ionchuimsithí d’Éirinn
- Príomhfheabhsúcháin chun córas oideachais ionchuimsitheach a chur chun cinn
- Seirbhísí a theastaíonn chun freastal ar riachtanais daltaí i dtimpeallachtaí éagsúla
- Rochtain ar dheiseanna oideachais fiúntacha ardchaighdeáin do dhaltaí ina bpobal féin in éineacht lena gcairde agus lena gcomhaoiseanna
- Tábhacht na scoileanna agus na ranganna speisialta i dtaobh oideachas a chur ar a gcuid daltaí agus aire a thabhairt dóibh
16 Eanáir 2024: D’fhoilsigh an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta inniu a páipéar comhairle beartais maidir le scoileanna agus ranganna speisialta dar teideal “Oideachas Ionchuimsitheach do Shochaí Ionchuimsitheach”. Tagann seo tar éis iarratas i nDeireadh Fómhair 2018, ón Aire Oideachais agus Scileanna ag an am, comhairle a thabhairt maidir leis an soláthar oideachais do dhaltaí i scoileanna agus ranganna speisialta agus moltaí a dhéanamh faoin soláthar a theastaíonn amach anseo chun go mbainfidh siad torthaí níos fearr amach. Bhí sé mar aidhm ag comhairle beartais CNOS an chaoi a bhféadfaí dea-chleachtais reatha a chomhtháthú agus a fhorbairt tuilleadh i leagan amach córais oideachais ionchuimsithigh ina mbeadh deis ag leanaí foghlaim ina scoil áitiúil lena siblíní agus lena gcomhghleacaithe.
Moltar sa pháipéar beartais forbairt chéimnitheach ar réadú forásach córais oideachais ionchuimsithigh d’Éirinn. Tá sé beartaithe an córas seo a bhunú ar Airteagail ábhartha Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (UNCRPD), a dhaingnigh Éire in 2018, agus ailínithe leis. Molann an chomhairle aistriú céimnitheach ina mbeadh athruithe incriminteacha ag tarlú thar roinnt blianta, agus scoileanna agus ranganna speisialta fós ina rogha tábhachtach socrúcháin do dhaltaí agus do thuismitheoirí. Molann an chomhairle gur cheart don Roinn Oideachais agus do CNOS forbairt córais oideachais a lorg atá dírithe go sonrach ar chomhthéacs na hÉireann. Ba cheart go nglacfaí san áireamh sa chóras atá ag teacht chun cinn dea-chleachtais reatha sa chóras oideachais agus go gcuirfeadh sé borradh faoi acmhainní reatha le méadú suntasach a chur na tacaíochtaí síceolaíochta agus teiripeacha atá ar fáil.
Chuir John Kearney, Príomhfheidhmeannach CNOS, béim ar: “Is é aidhm na comhairle seo feabhas a chur ar thorthaí oideachais agus saoil gach dalta. Baintear torthaí amach do dhaltaí nuair a bhíonn níos mó tacaíochtaí teiripeacha agus síceolaíochta ar fáil sna scoileanna. Saibhrítear eispéiris foghlama daltaí le foghlaim ghairmiúil fheabhsaithe do mhúinteoirí agus feabhsuithe ar fhoirgnimh scoileanna. Oibreoidh CNOS le gach gníomhaireacht chun saincheisteanna a réiteach nuair a bhíonn ar dhaltaí achair fhada a thaisteal chun oideachas a fháil lasmuigh dá bpobal féin. Tacóidh CNOS le ceannairí scoile leis an treoir a theastaíonn uathu chun cleachtais ionchuimsitheacha a neadú do gach dalta. Aithníonn CNOS go mbeidh dúshláin mhóra ann chun spriocanna uaillmhianacha na comhairle beartais seo a bhaint amach chun torthaí daltaí a fheabhsú.”
Tá an chomhairle bunaithe ar thaighde fairsing, comhairliúchán agus scrúdú ar chórais oideachais idirnáisiúnta den chineál céanna. Rinneadh anailís freisin ar chonairí chuig roghanna saoil iarscoile do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.
Tá seacht bpríomh-mholadh sa chomhairle beartais:
- Réadú forásach córais Oideachais Ionchuimsithigh.
- Rolladh Amach Tacaíochtaí Síceolaíochta, Teiripeacha agus Iompraíochta do Scoileanna
- Plean forbartha gairmiúla comhtháite d’oideachas múinteoirí
- Forbairt creata struchtúrtha do shocrúchán daltaí, soláthar agus athbhreithniú
- Soláthar treorach agus comhairle do phobail scoile
- Rochtain ar churaclam agus cláir mheasúnaithe iomchuí
- Cur i bhfeidhm cláir athchóirithe oideachais ionchuimsithigh le cúnamh trí Ionstraim Tacaíochta Teicniúla an Choimisiúin Eorpaigh.
Tá bonn láidir ann chun córas oideachais ionchuimsithigh a fhorbairt in Éirinn le hinfheistíocht san oideachas speisialta cothrom le €2.6 billiún in aghaidh na bliana.
Fáiltíonn CNOS go cuí roimh an scéal go bhfuil iarratas déanta go rathúil cheana féin ag an Roinn Oideachais ar Ionstraim Tacaíochta Teicniúla (ITT) Oifig Athchóirithe DG an Choimisiúin Eorpaigh. Cinnteoidh cúnamh an ITT go mbeidh an raon athchóirithe a theastaíonn chun samhail ionchuimsitheachta a leagan amach agus a fhorbairt do chóras oideachais na hÉireann bunaithe ar an dea-chleachtas Idirnáisiúnta agus ar thaithí dlínsí eile.
Is féidir cóip den tuarascáil iomlán, ábhar tacaíochta agus moltaí a fháil anseo https://www.ncse.ie/policy-advice
CRÍOCH