Tacaíocht Chomhairleora ar Theanga Chomharthaíochta na hÉireann
Tacaíocht Chomhairleora ar Theanga Chomharthaíochta na hÉireann
Cad is Comhairleoir TCÉ ann?
Díríonn comhairleoir TCÉ ar thimpeallachtaí ionchuimsitheacha a chur ar fáil do dhaltaí trí scileanna an phobail scoile ar fad in TCÉ a fheabhsú.
Oibríonn siad do CNOS agus tá siad eagraithe i bhfoirne réigiúnacha.
Leagtar amach a gcuid oibre ar an leathanach seo agus mar is féidir leat a dtacaíocht a iarraidh.
Tacaíocht Chomhairleora ar Theanga Chomharthaíochta na hÉireann
Cad é ról an Chomhairleora TCÉ?
Bíonn go leor cúraimí éagsúla ar chomhairleoirí TCÉ.
Oibríonn siad chun cabhrú le scoileanna freastal ar riachtanais daltaí Bodhra nó Lagéisteachta a dhéanann cumarsáid trí TCÉ den chuid is mó.
Oibríonn siad i gcomhar le foireann uile na scoile, lena n-áirítear:
– Gach múinteoir, go háirithe múinteoirí TCÉ agus múinteoirí tacaíochta speisialaithe sa seomra ranga
– Cúntóirí Riachtanas Speisialta
– An Bord Bainistíochta
Déanfaidh an comhairleoir TCÉ:
– Cabhrú le cur chuige uile-scoile a fhorbairt chun tacú le daltaí
– Clár foghlama gairmiúla a chur ar fáil do gach ball de phobal na scoile agus tacú leis an bpobal sin
Tacaíocht Chomhairleora ar Theanga Chomharthaíochta na hÉireann
Tuilleadh faoi ról an Chomhairleora TCÉ
Forbróidh an comhairleoir TCÉ scileanna
phobal na scoile i TCÉ chun cur ar a gcumas tacú le daltaí chun:
– Na torthaí oideachais is fearr a bhaint amach
– Eispéiris dhearfacha foghlama a bheith acu
– Dul chun cinn a dhéanamh de réir a gcumas
Is féidir le comhairleoirí TCÉ tacú leis an scoil agus le gairmithe eile freisin maidir le haistrithe daltaí ó thimpeallacht oideachais amháin go dtí an chéad cheann eile a phleánáil.
Tacaíocht Chomhairleora ar Theanga Chomharthaíochta na hÉireann
Cuir isteach d’iarratas ar Thacaíocht ó Chomhairleoir i dTeanga Chomharthaíochta na hÉireann
Chun iarratas a dhéanamh ar thacaíocht, déan mar a leanas:
– Logáil isteach ar Thairseach Scoileanna CNOS
– Cruthaigh ticéad tacaíochta nua
– Roghnaigh Tacaíocht ó Chomhairleoir i dTeanga Chomharthaíochta na hÉireann ón roghchlár cineáil
– Líon isteach na réimsí riachtanacha
– Cliceáil cuir isteach
Nuair a bheidh an ticéad faighte againn, déanfaimid teagmháil le do scoil trí Thairseach Scoileanna CNOS nó ar ríomhphost nó ar an nguthán.