Ath-imlonnú Cúntóirí Riachtanas Speisialta (CRS)
Ath-imlonnú Cúntóirí Riachtanas Speisialta (CRS)
Cá bhfaighidh mé eolas faoin Scéim Ath-imlonnaithe CRS?
Is féidir leat eolas faoin scéim a fháil ar an leathanach gréasáin seo agus ar shuíomh gréasáin na Roinne Oideachais agus Óige.
Roinnfear tuilleadh sonraí faoi chur i bhfeidhm na scéime le scoileanna agus le CRSanna trí sheimineár gréasáin de chuid an CNOS sa chéad téarma den scoilbhliain nua.
Ath-imlonnú Cúntóirí Riachtanas Speisialta (CRS)
Ciorclán 0022/2026
D’fhoilsigh an Roinn Oideachais agus Óige Ciorclán 0022/2026: Scéim Ath-imlonnaithe do Chúntóirí Riachtanas Speisialta (CRS).
Ath-imlonnú Cúntóirí Riachtanas Speisialta (CRS)
Doiciméid threorach
Tá doiciméad treorach agus grafaic faisnéise curtha le chéile ag an Roinn Oideachais agus Óige chun tuilleadh eolais a chur ar fáil do bhainistíocht scoileanna, do Chúntóirí Riachtanas Speisialta (CRSanna), agus don phobal scoile i gcoitinne maidir leis an gcaoi a n-oibreoidh an Scéim Ath-imlonnaithe CRS, mar atá leagtha amach i gCiorclán 0022/2026.