Scoileanna Speisialta
Scoileanna Speisialta
Cad is scoileanna speisialta ann?
Tacaíonn scoileanna speisialta le daltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais shuntasacha chasta acu.
Is scoileanna náisiúnta iad scoileanna speisialta ina gcuirtear oideachas bunscoile agus/nó iar-bhunscoile ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga idir 4 agus 18 mbliana d’aois.
Chun áit a fháil i scoil speisialta, ní mór tuairisc ghairmiúil a bheith faighte ag an leanbh ina luaitear:
– Go bhfuil riachtanas speisialta oideachais ag an leanbh
– Go bhfuil an riachtanas chomh casta sin go moltar áit don leanbh i scoil speisialta
Tá cóimheas dalta‑múinteora níos ísle ag scoileanna speisialta, ag brath ar chatagóir an mhíchumais Ciallaíonn sé sin go bhfuil líon níos lú daltaí sna ranganna.
Bíonn múinteoir amháin le haghaidh gach ochtar daltaí ag scoil speisialta a bhfuil míchumas measartha ginearálta foghlama ar na daltaí.
Bíonn ainmniúchán sonrach ag gach scoil speisialta. Ciallaíonn sé sin go gcaithfidh míchumas diagnóisithe a bheith ag dalta atá ag teacht le hainmniúchán sonrach na scoile. Mar shampla, uathachas, míchumais mheasartha nó dhomhain ghinearálta foghlama agus bodhar/laige éisteachta.
Scoileanna Speisialta
Foirmeacha Iarratais do Scoileanna Speisialta
Sa chuid seo tá:
– Foirmeacha a bhaineann le scoileanna speisialta a bhainistiú
– Iarratais ar iompar scoile agus ar theicneolaíocht chúnta
Scoileanna Speisialta
Tacaíocht Churaclaim do Scoileanna Speisialta
Tacaíonn CNOS le gach scoil speisialta i dtaobh tabhairt i bhfeidhm (tabhairt isteach de réir a chéile) Churaclam na Bunscoile ar an leibhéal náisiúnta.