Dr Yvonne Kennedy – Beathaisnéis
COMHAIRLE CNOS
Dr Yvonne Kennedy
Is Stiúrthóir Cúnta í Yvonne leis an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (SNSO) sa Roinn Oideachais agus Óige. Tá a príomhfhreagrachtaí dírithe ar thacú le forbairt beartais i réimsí an oideachais speisialta agus an oideachais chuimsithigh.
Sular cháiligh sí mar shíceolaí oideachais, d’oibrigh Yvonne i mBaile Átha Cliath mar mhúinteoir bunscoile, mar mhúinteoir tacaíochta foghlama agus mar leas-phríomhoide. Thosaigh sí ag obair leis an SNSO in 2011 mar shíceolaí oideachais, ag soláthar seirbhísí do scoileanna i gContaetha Lú agus na Mí. In 2016 ceapadh í mar Shíceolaí Shinsearach, agus in 2021 ceapadh í mar Stiúrthóir Réigiúnach le freagracht as seachadadh sheirbhís SNSO do scoileanna i Lú, sa Mhí, i gCabhán agus i Muineachán.
Tá spéis agus saineolas ar leith ag Yvonne i bhforbairt shóisialta agus mhothúchánach leanaí. Tá taighde foilsithe aici sa réimse seo, agus bhí tionchar suntasach ag a cuid oibre ar fhorbairt bheartas agus chleachtas SNSO maidir leis an ábhar sin.
I measc a cuid cáilíochtaí acadúla tá Céim Bhaitsiléara san Oideachas ó Choláiste na Tríonóide, Dioplóma Iarchéime sa tSíceolaíocht ón Open University, Máistreacht sa tSíceolaíocht Oideachais ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, agus Dochtúireacht sa tSíceolaíocht Oideachais ó University College London.
Chomh maith lena ról sa SNSO, tá sí ina Comhalta Taighde Oinigh agus ina comhairleoir taighde don chlár Dochtúireachta sa tSíceolaíocht Oideachais ag University College London.