CNOS Comhairle Beartais An bhfuil córas scoile lán-ionchuimsitheach oiriúnach d’Éirinn?

An bhfuil córas scoile lán-ionchuimsitheach oiriúnach d’Éirinn?

Tá go leor tíortha ar fud an domhain ag smaoineamh ar bhogadh i dtreo oideachas a chur ar gach leanbh le chéile, áit a gciallaíonn ‘gach leanbh’ i ndáiríre gach leanbh, lena n-áirítear daltaí a bhfuil riachtanais chasta fhisiciúla, chumarsáide agus foghlama acu.

Beidh an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta ag dul i gcomhairle go luath ar chomhairliúchán chun dearcadh an phobail a fháil maidir le cibé ar cheart d’Éirinn bogadh sa treo seo. Deir Teresa Griffin, Príomhfheidhmeannach CNOS:

“Táimid ag iarraidh go mbeadh na torthaí oideachais is fearr á bhfáil ag leanaí Éireannacha a bhfuil riachtanais bhreise chasta acu inár scoileanna. Is féidir le leanaí a bhfuil riachtanais bhreise acu freastal ar scoileanna príomhshrutha nó ar ranganna speisialta nó ar scoileanna speisialta. Ach an é seo an struchtúr is fearr nó an bhfuil bealaí níos fearr eile ann? Chomh maith le taighde idirnáisiúnta agus náisiúnta a bhreithniú, táimid ag féachaint ar chúige New Brunswick i gCeanada agus ar an bPortaingéil, a bhfuil scoileanna lán-ionchuimsitheacha forbartha acu araon.”

Foilseoidh CNOS tuarascáil dul chun cinn Dé Máirt ar a cuid oibre go dtí seo maidir leis an gceist thábhachtach seo. Fuarthas fianaise ar infheistíocht shuntasach san oideachas speisialta – téann beagnach 18% de bhuiséad iomlán an oideachais anois i dteor tacú le daltaí a bhfuil riachtanais speisialta acu.

Mhol go leor san earnáil oideachais a rabhthas i mbun comhairle leo go dtí seo go n-oibríonn an dé-chóras scoile speisialta/príomhshrutha go maith go ginearálta.

Bhraith daoine eile a rabhthas i gcomhairle leo gur cheart go mbeadh scoileanna speisialta ar an gcampas céanna le scoileanna príomhshrutha ach nach bhféadfaidís córas a shamhlú in Éirinn ina bhféadfadh gach dalta – lena n-áirítear iad siúd a bhfuil na riachtanais foghlama, leighis agus/nó iompraíochta is casta acu – foghlaim le chéile laistigh den scoil chéanna. Chuir siad imní in iúl faoin tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige sin ar oideachas daltaí eile nach bhfuil riachtanais den sórt sin acu.

Bhíothas ar aon intinn go gcaithfí gnéithe den chóras reatha a athrú, m.sh. foghlaim ghairmiúil múinteoirí, foirgnimh scoile, méid na ranganna, agus tacaíochtaí teiripe.

Níl aon fhianaise shuntasach aimsithe go dtí ag CNOS go mbíonn torthaí níos fearr ag daltaí a bhfuil riachtanais bhreise acu i scoileanna/ranganna speisialta.

Leagtar amach sa tuarascáil an baol go bhféadfadh Éire a bheith ag sárú Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas a éilíonn go bhféadfaidh leanaí faoi mhíchumas rochtain a fháil ar bhunoideachas agus meánoideachas ionchuimsitheach ar ardchaighdeán agus saor in aisce. Tá tíortha eile cáinte ag coiste na NA de bharr nach bhfuil oideachas á chur ar gach leanbh le chéile i ranganna príomhshrutha laistigh dá scoil áitiúil.

Críochnóidh CNOS a cuid oibre i mí an Mheithimh 2020. Agus an tuarascáil á críochnú, is é leas is fearr na leanaí agus a gcuid riachtanas é céad bhreithniú bunúsach CNOS.

+++++++++++++++++++++++++++++++++++++++++++++++++++

Nóta don eagarthóir:
Is í CNOS an ghníomhaireacht náisiúnta atá freagrach as comhairle neamhspleách, shaineolach ar bheartas a chur ar fáil don Aire maidir le hoideachas a chur ar dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.

D’iarr an tAire ar CNOS a scrúdú an bhfuil fianaise áitiúil, nó idirnáisiúnta, ann go dtugann socrúchán i suíomhanna speisialaithe torthaí agus eispéiris oideachais feabhsaithe do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.

Cur Chuige CNOS
Bíonn comhairle bheartais CNOS bunaithe i gcónaí ar an dea-chleachtas idirnáisiúnta. Coimisiúnaíonn agus/nó déanann CNOS a taighde féin; téann sí i mbun próiseas leathan comhairliúcháin le páirtithe leasmhara oideachais lena n-áirítear daltaí, tuismitheoirí, múinteoirí, príomhoidí, grúpaí abhcóideachta, comhlachtaí bainistíochta scoile agus breithníonn sí an fhianaise uile atá ar fáil sula gcuireann sí a comhairle bheartais i gcrích.

Go dtí seo, tá siad seo a lenas déanta ag CNOS:

Comhdháil Taighde
Beidh comhdháil taighde bhliantúil CNOS á reáchtáil Dé Máirt an 19 Samhain agus meallann sí breis agus 200 páirtí leasmhar oideachais. “Ionchuimsiú” an téama agus féachfaidh seisiún an tráthnóna ar dhá chuid den domhan ina bhfuil córas oideachais lán-ionchuimsitheach i bhfeidhm cheana féin – New Brunswick i gCeanada, agus ar an turas i dtreo ionchuimsiú iomlán – an Phortaingéil.

In 2013, thug an tAire Oideachais ag an am i New Brunswick, Ceanada, Jody Carr, beartas ionchuimsithe iomláin isteach, ina ndéantar oideachas a chur ar gach daltaí ina scoil phríomhshrutha áitiúil: níl aon scoileanna speisialta ná aon ranganna speisialta ann. Leagfaidh Jody amach na hathruithe i New Brunswick agus na príomhcheachtanna a foghlaimíodh do gach duine a bhí páirteach san ionchuimsiú a chur i gcrích ar leibhéal córais. Leagfaidh a hiar-chomhghleacaí san obair seo, Kim Korotkov, ó Roinn an Oideachais, amach an ról a bhí ag grúpaí éagsúla chun córas oideachais lán-ionchuimsitheach a chur i gcrích go praiticiúil.

Is é João Costa, Rúnaí Stáit na Portaingéile don Oideachas, a dhéanfaidh an cur i láthair deiridh. Tabharfaidh João léargas dúinn ar na forbairtí atá ar siúl sa Phortaingéil, atá ag bogadh i dtreo córas oideachais lán-ionchuimsitheach. Go háirithe, féachfaidh sé ar an gcaoi ar féidir tacú le múinteoirí chun oideachas a chur ar gach dalta i gcóras atá ag athrú.

Cuirfidh Seán Ó Foghlú, Ard-Rúnaí na Roinne Oideachais agus Scileanna, deireadh leis an seisiún lena óráid chomhdhála.

CRÍOCH